Ceadúnas tiomána speisialta is ea ceadúnas tiomána idirnáisiúnta a cheadaíonn do thiománaithe feithiclí a thiomáint i dtíortha eile gan tuilleadh tástálacha ná iarratais a dhéanamh. Má tá ceadúnas tiomána idirnáisiúnta agat, cruthaíonn sé seo go bhfuil ceadúnas tiomána bailí agat atá eisithe ag údarás inniúil i do thír dhúchais. Má bhíonn tú ag taisteal thar lear agus gur mian leat tiomáint i dtír eile, is dócha go mbeidh ceadúnas tiomána idirnáisiúnta ag teastáil uait. Tá ceadúnais tiomána idirnáisiúnta eisithe in Éirinn ar fáil do chónaitheoirí in Éirinn amháin a bhfuil ceadúnas tiomána iomlán acu.
Eisítear dhá chineál ceadúnas tiomána idirnáisiúnta in Éirinn:
Is féidir leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta a úsáid i dtír ar bith a shínigh Coinbhinsiún NA 1926 nó 1949 ar thrácht ar bhóithre. Níl liosta na dtíortha a aithníonn ceadúnais idirnáisiúnta ar fáil ar líne. Déan teagmháil le AA Travel le haghaidh tuilleadh eolais (féach thíos).
Aithníonn cuid mhór tíortha eile nach sínitheoirí de chuid
choinbhinsiún 1949 iad an ceadúnas tiomána idirnáisiúnta agus glactar leis
sna dúichí sin. Déan teagmháil le d’ambasáid nó do chonsalacht roimh
thaisteal le seiceáil cé acu an bhfuil ceadúnas tiomána idirnáisiúnta ag
teastáil sa tír a mbeidh tú ag tabhairt cuairte uirthi nó nach bhfuil.
Tá ceadúnas tiomána idirnáisiúnta ar fáil do chónaitheoirí in Éirinn, a bhfuil ceadúnas tiomána Éireannach iomlán acu. Is féidir le saoránaigh de chuid An Aontais Eorpaigh/An Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch a bhfuil ceadúnas tiomána iomlán acu ó údarás inniúil ina dtír féin agus a bhfuil cónaí in Éirinn orthu ceadúnas tiomána idirnáisiúnta a fháil in Éirinn atá bailí le haghaidh úsáide thar lear.
Ní féidir ceadúnas idirnáisiúnta tiomána a eisiúint duit in Éirinn:
Ba chóir duit do cheadúnas tiomána féin a thabhairt leat - fiú má tá ceadúnas idirnáisiúnta tiomána agat - nuair a bhíonn tú ag taisteal thar lear, mar is féidir go mbeidh ort an ceadúnas a thaispeáint le haghaidh iniúctha, mar shampla, agus carr á fháil ar cíos agat thar lear.
Bíonn gach ceadúnas tiomána idirnáisiúnta bailí ar feadh bliain ón
dáta eisiúna.
Cosnaíonn ceadúnas tiomána idirnáisiúnta (bailí ar feadh 1 bhliain) €10.
Má bhíonn Ceadúnas Tiomána Idirnáisiúnta ó Choinbhinsiún 1949 agus
Ceadúnas Tiomána Idirnáisiúnta ó Choinbhinsiún 1926 ag teastáil uait,
cosnóidh sé seo €20.
Íoslódáil foirm iarratais le haghaidh ceadúnas tiomána idirnáisiúnta. Tá an fhoirm iarratais seo ar fáil freisin ó AA Travel ag an seoladh thíos.
Ní mór a leanas a bheith le d’iarratas
Más as tír de chuid an Aontaigh Eorpaigh/An Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch thú agus ceadúnas tiomána iomlán bailí agat ó do thír dhúchais, ní mór duit cóip de bhille fóntais a sholáthar (.i. bille leictreachais, teilafóin nó gáis) a léiríonn do sheoladh in Éirinn. Beidh ort freisin fógra cónaitheachta a shíniú ar an bhfoirm iarratais.
Más mian leat cur isteach ar Cheadúnas Tiomána Idirnáisiúnta ó Choinbhinsiún 1949 nó Ceadúnas Tiomána Idirnáisiúnta ó Choinbhinsiún 1926, ní mór duit dhá iarratas ar leith a dhéanamh.
Tá tuilleadh
eolais ar chéadúnais tiomána idirnáisiúnta ar fáil ar láithreán
gréasáin AA Travel
56 An Bóthar Beag
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 6179540
Facs:+353 (0)1 6174942
Láithreán Gréasáin: http://www.aaireland.ie
R-phost: aatravel@aaireland.ie