Íocaíocht mhíosúil is ea an Liúntas Soghluaiseachta a ndéantar tástáil mhaoine ina leith a íocann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) in Éirinn le daoine atá idir 16 agus 66 bliain d’aois atá faoi mhíchumas agus nach bhfuil in ann siúil ach go mbeadh sé de thairbhe dóibh a bheith in ann athrú ó áit amháin go háit eile, (mar shampla, airgead a chur ar fáil do thuras tacsaí anois agus arís). Má bhronntar liúntas, íocfar é tar éis don duine 66 bliain a bhaint amach, ach ní féidir le duine cur isteach ar an liúntas den chéad uair má tá sé/sí 66 bliain nó os a chionn.
Níl aon reachtaíocht faoi leith ann in Éirinn a dhéanann foráil don Liúntas Soghluaiseachta. Ina ionad sin, ba í an Roinn Sláinte a chuir tús leis i 1979 agus íoctar é faoi Alt 61 den Acht Sláinte, 1970.
Ní mór na coinníollacha seo a shásamh le bheith i dteideal na híocaíochta seo:
Is é/í Oifigeach Sinsearach Leighis an Cheantair d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a dhéanann an cinneadh an sásaíonn tú na coinníollacha leighis nó nach sásaíonn.
D’fhonn an méid den Liúntas Soghluaiseachta a gheobhaidh tú a dheimhniú, déanann tú d’ioncam iomlán a ríomh. Ní féidir measúnú a dhéanamh ar roinnt ioncaim (féach Ioncam Neamh-Inmheasúnaithe thíos). I gcás lanúine, suimítear bhur n-ioncaim le chéile. Baintear aon suim sa bhreis ar an íocaíocht chuí sheachtainiúil leasa shóisialaigh do do theaghlach ón uasmhéid den Liúntas Soghluaiseachta seachtainiúil atá iníoctha leat.
Is í an íocaíocht chuí leasa shóisialaigh Liúntas Míchumais sa chás go bhfuil tú faoi aois 66 bliain agus go bhfuil agat Pinsean Stáit (Neamhranníocach) sa chás go bhfuil tú breis agus 66 bliain d’aois. Braitheann an íocaíocht chuí ar cibé acu an lanúin sibh nó nach bhfuil agus an bhfuil agat nó nach bhfuil leanaí cleithiúnaigh. Leis an Liúntas Sohghluaiseachta uasta seachtainiúil a ríomh, iolraítear an ráta míosúil (féach Rátaí thíos) faoi 12 agus ansin é a roinnt faoi 52.
I gcás lanúine ina bhfuil sibh araon incháilithe, baintear leath d’aon suim sa bhreis ar an íocaíocht chuí sheachtainiúil leasa shóisialaigh do do theaghlach ón uasmhéid den Liúntas Soghluaiseachta seachtainiúil atá iníoctha leat.
Ní chuirtear san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar do mhaoin na híocaíochtaí a leanas:
Íocaíochtaí cúramóra
Má tá Liúntas Cúramóra nó Sochar Cúramóra á fháil ag do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomháititheoir, déantar neamhaird den íocaíocht. Ina ionad sin, déantar measúnú ar d’ioncam amhail bheith mar do phríomhíocaíocht móide aon mhéaduithe le haghaidh leanaí cáilithe, móide méadú an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh le haghaidh duine fásta cáilithe.
Sa chás go n-íoctar Liúntas Cúramóra nó Sochar Cúramóra leat do dhuine éigin nach do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomháititheoir iad, déantar neamhaird de agus déantar measúnú ort ar d’ioncam féin inmheasúnaithe.
Caipiteal
Is í an fhoirmle a úsáidtear sa mheasúnú ar an ioncam ó chaipiteal an fhoirmle chéanna a úsáideann an RCS sa tástáil mhaoine do Liúntas Míchumais.
Má fhaigheann tú Deontas Mótariompair, agus an Liúntas Soghluaiseachta arna fháil agat cheana, ní bhfaighidh tú an Liúntas Soghluaiseachta a thuilleadh. Seo mar gheall go bhfuil íocaíocht Deontas Mótariompair faoi réir an choinníll nach n-iarrfar ar FSS ag aon dáta amach anseo ranníocaíochtaí a íoc i dtreo costais reatha na feithicle.
Ní bheidh tú i dteideal an Liúntas Soghluaiseachta a fháil arís go dtí tréimhse thrí bliana i ndiaidh dháta íoctha an Deontais Mhótariompair.
Ní ann d’aon scéim achomhairc reachtúil don Liúntas Soghuaiseachta. I bhfriotal eile, má dhiúltaigh d’Oifig Sláinte Áitiúil Liúntas Soghluaiseachta a thabhairt duit, níl aon cheart agat leis seo a achomharc de réir an dlí. Sa chás go ndiúltaítear d’iarratasóir, cuirfidh FSS ar an eolas go foirmiúil thú faoina gcinneadh (i scríbhinn) agus áireofar leis sonraí faoi conas an cinneadh seo a achomharc.
Is éagsúil do na nósanna imeachta achomhairc don Liúntas Soghluaiseachta atá ag Oifigí Sláinte Áitiúla. Tabharfaidh roinnt Oifigí Sláinte Áitiúla, mar shampla faoi éisteacht athbhreithnithe ina gcasfaidh Oifigigh Shinsearacha Leighis leis an iarratasóir agus athbhreithniú a dhéanamh ar a n-iarratas, lena n-áirítear an fhianaise leighis. D’fhéadfadh Oifigí Sláinte Áitiúla eile an t-achomharc a chur ar aghaidh chuig an Oifig Achomharc lena athbhreithniú. Déan teagmháil le d’Oifig Sláinte Áitiúil le teacht ar fhaisnéis faoin bpróiseas achomhairc i do cheantar.
Íoctar an liúntas gach mí. Tá an t-ísealráta iníoctha leo siúd a bhfuil cúnamh á fháil acu faoin Scéim Tiománaithe faoi Chumas agus Paisinéirí faoi Mhíchumas (Lamháltais Chánach). Is iad na rátaí do 2010 agus do 2011:
| Ardráta | ísealráta |
| €208.50 sa mhí | €104.25 sa mhí |
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’Oifig Sláinte Áitiúil le foirm iarratais a fháil nó é a íoslódáil ó láithreán gréasáin FSS (pdf). Déan iarratas le d’Oifig Sláinte Áitiúil.