Doiciméad tábhachtach dhlíthiúil is ea do Phas Éireannach. Is fianaise ar do chéannacht é agus gur saoránach de chuid na hÉireann thú agus gur saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh thú. Ba chóir do phas Éireannach a choinneáil i gcónaí in áit shábháilte nuair a bhíonn tú sa bhaile agus ag taisteal thar lear.
Má chailltear do phas Éireannach, nó má ligtear i ndearmad é nó má ghoidtear é agus gur mian leat ceann eile a fháil, ba chóir duit a bheith ar an eolas:
Ba chóir duit a bheith ar an eolas go n-iarrann riachtanais inimirce i dtíortha áirithe go mbíonn do phas bailí ar feadh tréimhse áirithe ama sular féidir leat dul isteach i ndlínse eile.
Ní féidir linn eolas a chur isteach ar na riachtanas bailíochta pasanna maidir le haon tír faoi leith sa domhan. Déan teagmháil le do ghníomhaire taistil/aeriompróir nó le hambasáid/consalacht na tíre a bhfuil tú ag taisteal chuici chun an t-eolas seo a chinntiú. Cuimhnigh air seo a dhéanamh sula dtaistealaíonn tú.
Más saoránach Éireannach thú agus cónaí ort in Éirinn agus má tá do phas Éireannach caillte agat, nó má goideadh é, ní mór duit caillteanas do phas a thuairisciú d’Oifig na bPasanna láithreach. Iarrfar ort an caillteanas a dhearbhú i scríbhinn nó má tá tú ag cur isteach ar phas nua na sonraí a chur isteach ar d’iarratas.
Chun iarratas a dhéanamh ar phas nua ní mór duit foirm APS 1 a chomhlánú. Ní mór duit fáthanna an chaillteanais a chur isteach in Alt 6 den fhoirm. Is féidir leat foirm APS 1 a fháil ó do stáisiún Gardaí is cóngaraí nó Oifig an Phoist. Ní mór go ndearbhaíonn/go gcomhshíníonn ball den Gharda Síochána an fhoirm agus ní mór dó/di Alt 6 a shíniú agus a stampáil.
Ní mór duit gach doiciméad tacaíochta a bhíonn de dhíth le gnáthiarratas ar phas den chéad uair a chur isteach arís chuig Oifig na bPasanna. Áirítear sna doiciméid seo an teastas breithe iomlán fadfhoirme, teastas pósta (más infheidhme) agus 4 ghrianghraf de mhéid an phas. Tá tuilleadh eolais faoi iarratas a dhéanamh ar phas inár ndoiciméad Iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach.
Más saoránach Éireannach thú i do chónaí thar lear, ag taisteal nó ar laethanta saoire thar lear agus má chailltear/ghoidtear/ligtear i ndearmad do phas Éireannach ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d’ambasáid nó consalacht na hÉireann is cóngaraí láithreach. Iarrfar ort an caillteanas a dhearbhú i scríbhinn nó má tá tú ag cur isteach ar phas nua na sonraí a chur isteach ar d’iarratas. Má tá tú i dtír faoi láthair nach bhfuil ionadaíocht ar bith Éireannach ann, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hambasáid/consalacht Bhallstát eile de chuid an AE a rachaidh i dteagmháil le hambasáid na hÉireann is cóngaraí ar do shon.
Ní mór duit fosta dul i dteagmháil leis na póilíní áitiúla agus ráiteas scríofa go bhfuil caillteanas do phas tuairiscithe agat a iarraidh. Ní mór do bhall údarás na bpóilíní sa tír ina bhfuil tú ag fanacht an ráiteas seo a dhearbhú. Beidh sé seo de dhíth ort chun Teastas Éigeandála Taistil (bailí le haghaidh aon turais) nó Pas Éigeandála (bailí ar feadh méid teoranta ama) a fháil ó ambasáid/consalacht na hÉireann.
Arís, má tá tú i dtír faoi láthair nach bhfuil ionadaíocht ar bith Éireannach ann, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hambasáid/consalacht Bhallstát eile de chuid an AE. Ní féidir le hambasáid nó le consalacht Bhallstát eile de chuid an AE pas nua ná doiciméad éigeandála taistil a eisiúint duit. Ina áit sin rachaidh siad i dteagmháil le hambasáid nó consalacht na hÉireann is cóngaraí ar do shon, a rachaidh i dteagmháil leat ansin.
I gcúinsí áirithe, mar shampla má chailleann tú do phas thar lear ach beidh tú ag filleadh go díreach ar Éirinn ar thuras singil, eiseoidh an ambasáid nó consalacht Éireannach Teastas Éigeandála Taistil duit in áit pas. Ní bhíonn Deimhnithe Taistil Éigeandála bailí ach ar feadh turais amháin. Ní pas é Teastas Éigeandála Taistil; is doiciméad é (thart ar mhéid A5) ar a bhfuil do ghrianghraf agus stampa ón ambasáid ag fíorú do chéannachta. Eisítear Deimhnithe Éigeandála Taistil go gasta go ginearálta (ag brath ar na cúinsí) agus bíonn táille beag le haghaidh na seirbhíse seo (féach “Rates” thíos.)
Chun Teastas Éigeandála Taistil a fháil beidh an méid a leanas ag teastáil uait:
Ní eisíonn an chuid is mó de Chonsail Oinigh na hÉireann pasanna agus ní féidir leo ach Deimhnithe Éigeandála Taistil a eisiúint.
Má bhíonn do phas caillte agat agus tú ag taisteal thar lear ar thuras iolstopanna, ina rachaidh tú trí níos mó ná dlínse amháin, beidh pas nua Éireannach ag teastáil uait. Ní mór duit caillteanas do phas Éireannaigh a thuairisciú d’ambasáid nó consalacht na hÉireann is cóngaraí. Mura bhfuil ambasáid ná consalacht na hÉireann sa tír ina bhfuil tú, téigh i dteagmháil le hambasáid Bhallstát eile de chuid an AE a rachaidh i dteagmháil le hambasáid na hÉireann is cóngaraí ar do shon. Ní féidir le hambasáid Bhallstát eile de chuid an AE pas nua Éireannach a eisiúint duit.
Ní mór duit fosta dul i dteagmháil leis na póilíní áitiúla agus ráiteas scríofa go bhfuil caillteanas do phas tuairiscithe agat a iarraidh. Ní mór do bhall údarás na bpóilíní sa tír ina bhfuil tú ag fanacht an ráiteas seo a dhearbhú. B’fhéidir go mb’áisiúil duitse fótachóip do phas (leathanach sonraí) a bheith leat nuair atá tú ag taisteal.
Ní féidir pas eile a fháil má tá do phas Éireannach caillte agat. Ina áit sin ní mór duit iarratas a dhéanamh ar phas iomlán nua.
Ní ligeann Teastas Éigeandála Taistil duit ach taisteal ar thuras singil ó phointe thar lear go díreach ar ais go hÉirinn. Bíonn Deimhnithe Éigeandála Taistil lámhscríofa agus ní bhíonn siad inléite ag meaisín.
Is féidir le hambasáidí na hÉireann agus Consail Oinigh na hÉireann ar fad Doiciméid Éigeandála Taistil a eisiúint.
Ní féidir ach le hambasáidí Éireannacha agus trí Chonsal Oinigh na
hÉireann pasanna Éireannacha a eisiúint. (Tá na consail seo lonnaithe i
Hong Cong, in Perth agus in Auckland).
Is iad seo a leanas costais na bPasanna Éireannacha:
Tá Doiciméid Éigeandála Taistil ar fáil ar tháille bheag.
Má tá do phas Éireannach caillte agat anseo in Éirinn, ba chóir duit an
caillteanas a chur in iúl d’Oifig na bPasanna láithreach (féach 'Cá háit
a ndéanfaidh mé iarratas). Má tá do phas Éireannach caillte agat thar
lear, ba chóir duit é a chur in iúl d’ambasáid
nó do chonsalacht na hÉireann is cóngaraí.
Foirgnimh Fhreidric
Sráid Theach Laighean
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 671 1633
Lóghlao:1890 426 888
Facs:+353 (0)1 671 1092
Láithreán Gréasáin: http://www.passport.ie
R-phost: passportdublin@dfa.ie
1a An Mál Theas
Cork
Ireland
Teil:+353 21 494 4700
Lóghlao:1890 426 900 (outside the (021) area)
R-phost: passportcork@dfa.ie