Faisnéis a fháil maidir le gnó a bhunú

Réamhrá

Is féidir leat comhairle a fháil maidir le gnó a bhunú agus a bheith féin-fhostaithe ó go leor foinsí. Tugann an leathanach seo míniúchán ar cén áit teacht ar eolas maidir le gnó a bhunú, lena n-áirítear na eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar féidir leo cabhrú.

Is féidir leat léamh freisin faoi:

•Gnó a bhunú

•A bheith féin-fhostaithe

•Teacht go hÉirinn chun gnó a bhunú

•Tacaíochtaí do ghnóthaí le linn COVID-19

•Tacaíochtaí do ghnóthaí báúil don chomhshaol

Suíomhanna gréasáin maidir le gnóa bhunú

Is féidir leat dul go dtí na suíomhanna gréasáin a leanas i gcomhair faisnéise maidir le gnó a bhunú:

 
Suíomh Gréasáin: Faisnéis maidir le:
Pointofsinglecontact.ie •Conas ainm gnó a chlárú

•Conas ceadúnas nó cead cuí a fháil i gcomhair do ghnó (mar shampla, Ceadúnas Déantóra nó Ceadúnas Óstóra)

•Faisnéis maidir le conas gnó a bhunú ar feadh raoin leathan earnálacha

SupportingSMEs.gov.ie •Uirlis ‘Cuardaigh SME’ ar líne, a chuireann 7 gceist ort chun cuidiú tacaíochtaí a aimsiú do do ghnó

•Faisnéis agus naisc le ócáidí gnó agus seiminéir gréasáin le teacht

•Na nuachtaí agus nuachtlitreacha is déanaí a bhaineann le SME (fiontar beag agus meánach) in Éirinn agus in Eoraip

 

Businessregulation.ie •Conas socrú don cháin mar fhostóir

•Conas gnó a bhunú le fostaithe

•Faisnéis ar na príomh-rialacháin a imríonn tionchar ar do ghnó (mar shampla, sláinte agus sábháilteachta agus rialacháin airgeadais)

•Faisnéis d’earnálacha sonracha (mar shampla, treoraithe ar dhlí tomhaltóra nó sábháilteacht bia)

 

een-ireland.ie -

Gréasán Fiontraíochta na hEorpa

 

•Faisnéis maidir le do ghnó a fhás go hidirnáisiúnta

•Faisnéis agus naisc le ócáidí gnó agus seiminéir gréasáin le teacht

•Bunachar sonraí le comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena féidir leat do tháirgí, smaointe agus gnó a dhéanamh, a dháileadh, a chomh-fhorbairt agus a sholáthar

 

Ranna agus gníomhaireachtaíÁbhartha an Rialtais

Má tá tú ag tosú sa féin-fhostaíocht nó ag bunú gnó, is féidir leat labhairt le go leor ranna agus gníomhaireachtaí an Rialtais i gcomhair comhairle, lena n-áirítear:

An Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta

Tá an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta (DETE) freagrach as dlíthe agus polasaithe a chur i bhfeidhm a bhaineann le gnó (amhail Acht na gComhlachtaí 2014). Tá ról ag DETE chun iomaíocht a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú sa mhargadh. Tugann sé maoirseacht freisin ar chosaint d’oibrithe agus tomhaltóirí.

Is féidir leat dul go dtí suíomh gréasáin DETE i gcomhair réimse seirbhísí, lena n-áirítear ‘Córas Ar Líne um Cheaduithe Fostaíochta’, tacaíochtaí do SME, agus faisnéis ar oibriú go cianda.

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Nuair a thosaíonn tú gnó nó éiríonn tú féin-fhostaithe, íocann tú ráta difriúil PRSI (árachas sóisialta bainteach le pá), a nglaoitear PRSI Aicme S. Tá An Roinn Coimirce Sóisialaí freagrach as PRSI, agus is féidir leat dul go dtí a gcuid suíomh gréasáin i gcomhair faisnéise ar do ranníocaíochtaí mar fhostóir nó duine féin-fhostaithe.

Má fhaigheann tú leas sóisialta agus is mian leat a bheith féin-fhostaithe

Tá go leor oifigí leasa sóisialta ag an Roinn Coimirce Sóisialaí timpeall na hÉireann, a nglaoitear ionaid Intreo. Má fhaigheann tú pá cuardaitheora poist agus is mian leat do ghnó féin a bhunú, labhair le d’ionad Intreo áitiúil le haghaidh comhairle.

Is féidir leat freisin léamh maidir le Liúntas Fiontair Ar ais ag Obair, a chuidíonn do dhaoine a fhaigheann pánna leasa sóisialta áirithe éirí féin-fhostaithe.

Ioncam

Tá faisnéis ag Revenue.ie maidir le d’oibleagáidí cánach. Mar shampla, is féidir leat an Treoraí ar Fhéin-Mheasúnú agus an treoir maidir le Gnó a Bhunú agus a Rith a léamh le haghaidh faisnéise maidir le cáin san fhéin-fhostaíocht agus gnó a bhunú.

Tá faisnéis ag na Coimisinéirí Ioncaim freisin maidir le daoine a fhostú, amhail d’oibleagáidí cánacha nuair a fhostaíonn tú is a íocann tú d’fhostaithe, agus cad le déanamh má thagann deireadh lena bhfostaíocht.

An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre

Tá faisnéis ar shuíomh gréasáin An Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) maidir le:

•Cearta agus dualgais na bhfostaithe agus a gcuid fostóirí

•Reachtaíocht um chomhionannas fostaíochta

•Caidrimh an tionscail

•Nósanna imeachta gearáin

Tugann Seirbhís Iniúchta WRC monatóireacht ar choinníollacha fostaíochta trína n-iniúchóirí. Is féidir leis freisin comhréireacht a fhorfheidhmiú i gcomhair sáruithe cearta fostaíochta.

Is féidir leat labhairt le Faisnéis agus Seirbhís do Chustaiméirí WRC ar líne agus trí ghuthán. Nó is féidir leat réimse treoracha fostaíochta agus leabhráin WRC a íoslódáil.

An Oifig um Chlárú Cuideachtaí

Tá faisnéis ag An Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO) maidir le ainm gnó a chlárú, comhlacht a bhunú agus tuairisceáin cánacha bliantúla a sheoladh. Is féidir leat freisin faisnéis a fháil maidir le comhlacht eachtrannach a chlárú in Éirinn.

Oifigí Fiontair Áitiúla

Tacaíonn Oifigí Fiontair Áitiúla (LEOs) le gnóthaí atá ag tosú nó i mbun forbartha. Is féidir le LEO tacú freisin le trádálaithe aonair, gnólachtaí agus grúpaí pobail. Ní mór do na tionscadail a bheith indéanta go tráchtála (in ann brabús a dhéanamh) nó an cumas a bheith acu éirí indéanta go tráchtála. Féach suíomh gréasáin Fiontair Áitiúil i gcomhair faisnéise:

•Clár Oiliúna

•Clár ‘Tosaigh do ghnó féin’

•Meantóireacht

•Tacaíochtaí airgeadais

Fiontraíocht Éireann

Tá Fiontraíocht Éireann freagrach as fás gnóthaí na hÉireann ar feadh margaí an domhain. Ofrálann siad raon deontais, dearbháin agus scéimeanna, chomh maith le comhairle do ghnóthaí nuathionscanta.

IDA (Éire)

Tá IDA (Gníomhaireacht um Fhorbairt Thionsclaíoch na hÉireann) freagrach as infheistíocht nua a thagann go hÉirinn a dhaingniú in earnálacha déantúsaíochta agus seirbhísí trádála idirnáisiúnta.

Soláthraíonn sé faisnéis maidir le gnó a bhunú in Éirinn, chomh maith le sainchomhairleoireacht bhainistíochta agus oiliúint don fhoireann. Is féidir leis an IDA freisin deontais a thabhairt do chomhlachtaí ar mian leo a bheith lonnaithe in Éirinn nó a n-oibriúcháin a fhairsingiú go hÉirinn.

Pobal

Is féidir leat cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Pobal i gcomhair faisnéise maidir le seirbhísí bainistíochta agus tacaíochta i réimsí fostaíochta ionchuimsithigh agus fiontair, chomh maith le ionchuimsiú sóisialta agus comhionannas.

An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta

Déanann an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (HSA) dlí sláinte agus sábháilteachta. Cuireann sé chun cinn freisin cosc ar thimpistí, ag soláthair freisin <comhairle ar shláinte agus sábháilteacht sa láthair oibre>.

Féach suíomh gréasáin HSA i gcomhair faisnéise:

•Dlíthe sláinte agus sábháilteachta

•Measúnuithe ar rioscaí

•Feithiclí san obair

•Comhairle sonrach do d'earnáil

An comhlacht ionadaíoch a aimsiú dod'earnáil

Soláthraíonn na heagraíochtaí a leanas comhairle agus faisnéis dá mbaill maidir le gnó a rith:

IBEC (Cónaidhm Ghnó na hÉireann agus Fostóirí) í an eagraíocht chuimsitheach náisiúnta do ghnóthaí agus fostóirí. Cuireann sé tacaíocht agus comhairle ar fáil d’fhostóirí.

ISME (Comhlachas Ghnóthas Beag agus Mheánacha na hÉireann) ná an eagraíocht neamhspleách don earnáil gnó bhig agus mheánaigh.

Léiríonn SFA (Comhlachas na nGnólachtaí Beaga) riachtanas gnólachtaí beaga (is é sin, comhlachtaí le níos lú ná 50 fostaí).

Clár forbartha é Ar ais sa Ghnó a thacaíonn le imircigh a tháinig ar ais chun gnó a bhunú agus a fhorbairt in Éirinn. Tá an clár ar oscailt le haghaidh:

•Daoine a bhí ina gcónaí thar lear ar a laghad ar feadh bliana agus a d’fhill go hÉirinn le 3 bhliana anuas

•Imircigh ina gcónaí thar lear faoi láthair atá ag beartú teacht ar ais go hÉirinn roimh i bhfad.

Réimsí eacnamaíocha sonracha

D’fhéadfadh na eagraíochtaí a leanas a bheith in ann cabhrú leat más mian leat gnó a bhunú ina n-earnáil.

 
Eagraíocht Gnóthaí nó earnáil ábhartha
Bord Bia Comhlachtaí bia, dí agus gairneoireachta ag lorg cúnaimh onnmhairíochta
Bord Iascaigh Mhara Comhlachtaí san earnáil bia mara
Comhairle Dearaidh agus Ceirde na hÉireann Comhlachtaí san earnáil dearaidh agus ceirde
Fáilte Ireland Comhlachtaí san earnáil turasóireachta
Cumann Bialanna na hÉireann Bialanna, caféanna agus gastraphubanna
Teagasc Gnóthaí san earnáil bia talmhaíochta
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra Zúnna agus gnóthaí ag obair le ainmhithe nó fiadhúlra
Údarás na Gaeltachta Comhlachtaí lonnaithe sa Ghaeltacht
Cumann Fíoncheannaithe na hÉireann Úinéirí teach tábhairne agus beáir

Faisnéis a fháil maidir leairgeadas agus creidmheas

Soláthraíonn Microfinance Ireland iasachtaí do ghnóthaí beaga le suas go dtí 10 bhfostaí, lena n-áirítear trádálaithe aonair agus gnólachtaí nuathionscanta.

Deacrachtaí le rochtain ar chreidmheas

D’fhoilsigh an Banc Ceannais Cód Iompair athbhreithnithe do Ghnóthaí a thugann Iasachtaí do Ghnóthaí Beaga agus Meánacha (pdf).

Má tá gnó beag nó meánach agat agus bíonn d’iarratas creidmheasa diúltaithe ag ceann de na bainc rannpháirteacha, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an Oifig Athbhreithnithe Creidmheasa chun do chás a fháil athbhreithnithe.

Spreagann Scéim Ráthaíochta Creidmheasa a thuilleadh foghlama do ghnóthaí beaga agus meánacha atá indéanta go tráchtála ach deacracht acu le rochtain ar chreidmheas. Faoi réir na Scéime, beidh cabhair ann d’iarratasóirí incháilithe chun iasacht a fháil agus stair creidmheasa buntáisteach a thógáil. Aimsigh a thuilleadh eolais i leabhrán eolais na scéime.

Is féidir leat freisin Ceisteanna Coitianta ó Chustaiméirí (pdf) a léamh.

A thuilleadh eolais maidir le gnó a bhunú

Má tá deacrachtaí ar do ghnó agus tá níos lú ná 10 fostaí agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chlár Comhairleach do Ghnóthaí Beaga le haghaidh comhairle saor in aisce.

Is féidir le seirbhí Comhairleach Deonach na gCuntasóirí Cairte (CAVA) comhairle agus cúnamh a thabhairt saor in aisce ar ghnóthaí do ghnó amhail leabharchoimeád, fiacha gnó, VAT nó ceisteanna párolla. Cuir glaoch ar (01) 6377218 nó r-phost cava@charteredaccountants.ie.

Is féidir leat freisin dul i dteagmháil le d’Ionad Faisnéis do Chuairteoirí áitiúil nó oifig MABS áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Samhain 2018