Abhcóidí

Réamhrá

Is cineál dlíodóir é abhcóide a dhéanann sainfheidhmiú ar abhcóideacht chúirte agus ar thuairimí dlí a thabhairt.

De ghnáth, caitheann abhcóidí coiléar bán agus gúna dubh i bhformhór na gcúirteanna. Féadfaidh siad peiriúic a chaitheamh freisin. I gcúirteanna áirithe, amhail na cúirteanna dlí teaghlaigh agus cúirt na leanaí, ní chaitheann abhcóidí an pheiriúic agus an gúna.

Cén saghas oibre a dhéanann abhcóide?

Bíonn raon leathan feidhmeanna éagsúla ag abhcóidí, na cinn seo a leanas san áireamh:

  • Tuairimí dlíthiúla a dhréachtú, mar shampla tuairim dhlíthiúil a thabhairt maidir le cibé an bhfuil cás maith agat nó nach bhfuil
  • Doiciméid dlí a chaithfear a chomhdú i gcás a scríobh, mar shampla eascairí nó pléadálacha
  • Ionadaíochta a dhéanamh do dhuine sa chúirt agus a c(h)ás a argóint os comhair breithimh, má théann an cás chun trialach
  • Socrú an cháis a idirbheartú seachas é a chur os comhair na cúirte
  • Gníomhú mar idirghabhálaí nó eadránaí i réiteach malartach díospóide, sa chás gur mian leis an dá pháirtí díospóid a réiteach lasmuigh den chúirt

An féidir liom abhcóide a fhostú?

Ní dhéanann an pobal teagmháil dhíreach le habhcóidí – fostaítear ag aturnaetha a bhíonn ag obair ar chás iad. Nuair a dhéanann tú teagmháil le haturnae chun comhairle dlí a fháil, féadfaidh d’aturnae a mholadh go bhfostófaí abhcóide chun seirbhísí a sholáthar.

Feidhmíonn abhcóidí ar ‘chóras tacsaí’ agus ní mór dóibh a bheith ar fáil chun obair a ghlacadh ó aturnae ar bith a dhéanann iad a fhostú, beag beann ar mhéid agus ar acmhainní an ghnólachta aturnae.

Má chinneann tusa agus d’aturnae abhcóide a fhostú, seolfaidh an t-aturnae mionteagasc chuig an abhcóide ina mbeidh an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha go léir chun cabhrú leis an abhcóide an cás á chur i láthair.

Comhpháirtíochtaí abhcóidí

Caithfidh abhcóidí feidhmiú mar thrádálaithe aonair agus níl cead acu faoi láthair "seomraí" nó comhpháirtíochtaí a bhunú le haturnaetha nó le habhcóidí eile.

Déantar foráil san Acht um Rialáil Seirbhísí Dlí, 2015 do shamhlacha nua gnó do chleachtóirí dlí, lena n-áirítear:

  • Comhpháirtíochtaí aturnae-abhcóide
  • Comhpháirtíochtaí abhcóide-abhcóide
  • Cleachtais ildisciplíneacha

Níl na samhlacha gnó nua seo tagtha i bhfeidhm go fóill.

Conas cáiliú mar abhcóide

Chun a bheith i d’abhcóide, ní mór duit pas a fháil sna scrúduithe arna leagan amach ag Óstaí an Rí. Is é Óstaí an Rí an comhlacht a rialaíonn iontráil chuig gairm an abhcóide in Éirinn.

Tar éis pas a fháil sna scrúduithe, caithfear ‘glaoch chun an Bharra’ a fháil agus bliain a chaitheamh mar abhcóide cúnta, rud is saghas printíseachta é d’abhcóidí.

Caithfidh abhcóidí cleachtacha a bheith ar Rolla na nAbhcóidí Cleachtacha arna chothabháil ag an Údarás Rialála Seirbhísí Dlí (LSRA).

Más aturnae cáilithe ó lasmuigh d’Éirinn thú agus más mian leat dul i mbun cleachtaidh mar abhcóide in Éirinn, ní mór iarratas a dhéanamh maidir le tú a ligean isteach chuig Barra na hÉireann. Téigh chuig suíomh idirlín Bharra na hÉireann chun tuilleadh a léamh maidir le bheith i d’abhcóide .

Abhcóidí Sóisearacha agus Abhcóidí Sinsearacha

Má tá baint agat le cás cúirte, seans go gcloisfidh tú faoi Abhcóidí Sóisearacha agus Abhcóidí Sinsearacha.

Abhcóidí Sóisearacha

Nuair a ghlaoitear ar abhcóidí “chun an Bharra” den chéad uair, gníomhaíonn siad mar Abhcóidí Sóisearacha. Féadfaidh na litreacha BL a bheith tar éis a n-ainm ag Abhcóide Sóisearach, rud a sheasann do "Abhcóide Dlí".

Is gnách go ndéanann na hAbhcóidí Sóisearacha an chuid is mó den pháipéarachas i gcásanna dlí (doiciméid dlí a dhréachtú) agus déanann siad ionadaíocht ar chliaint sna cúirteanna íochtair go príomha (an Chúirt Dúiche agus an Chúirt Chuarda).

Abhcóidí Sinsearacha

Tar éis thart 10 - 15 bliana a chaitheamh ag cleachtadh mar Abhcóide Sóisearach, féadfaidh abhcóide iarratas a dhéanamh chun a bheith ina Abhcóide Sinsearach. Uaireanta, tugtar “an síoda a thógáil” air seo toisc go raibh gúna na nAbhcóidí Sinsearacha déanta as síoda go traidisiúnta. Féadfaidh Abhcóide Sinsearach na litreacha SC a bheith i ndiaidh a n-ainm.

Is abhcóidí iad Abhcóidí Sinsearacha a mbíonn an-taithí ar fad acu a dhéanann ionadaíocht ar chliaint san Ard-Chúirt, sa Chúirt Achomhairc agus sa Chúirt Uachtarach. De ghnáth, má bhíonn Abhcóide Sinsearach bainteach le cás, beidh Abhcóide Sóisearach ann freisin chun cabhrú leis/léi.

Is féidir le haturnaetha a bhfuil taithí acu agus/nó aturnaetha speisialaithe iarratas a dhéanamh freisin chun bheith ina nAbhcóidí Sinsearacha agus na litreacha SC a úsáid i ndiaidh a n-ainm. Fanann aturnaetha a cheaptar ina nAbhcóidí Sinsearacha ina n-aturnaetha.

Cóid iompair

Ní mór d’abhcóidí atá ina mbaill den Leabharlann Dlí, gníomhú de réir Chód Iompraíochta Gairmiúil Chomhairle Bharra na hÉireann (pdf). Tá abhcóidí faoi réir go leor rialacha ginearálta atá leagtha amach sa chód iompair.

Baineann na pointí seo a leanas le habhcóidí:

  • Ní féidir leo glacadh leis an iomarca oibre - ní cóir dóibh glacadh ach leis an oiread sin oibre agus is féidir leo aire chuí a thabhairt dó laistigh de thréimhse réasúnta
  • Ní mór rúndacht a chinntiú maidir le cúrsaí cliaint
  • Tá dualgais orthu i leith na gcúirteanna agus ní féidir leo cúirt a chur amú ar bhealach ar bith

Is ann do rialacha níos sainiúla maidir le dualgais abhcóidí i gcásanna coiriúla.

Conas gearán a dhéanamh faoi abhcóide?

Roimh an 7 Deireadh Fómhair 2019, rinneadh gearáin faoi abhcóidí chuig Barra na hÉireann tríd an mBinse um Iompar Gairmiúil Abhcóidí.

Ón 7 Deireadh Fómhair 2019, má tá gearán ag duine faoi sheirbhísí neamhleor, costais iomarcacha nó mí-iompar líomhnaithe i gcoinne abhcóidí, is féidir gearán a dhéanamh leis an Údarás Rialála Seirbhísí Dlí (LSRA).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Lúnasa 2023