Aturnaetha

Réamhrá

Is cineál dlíodóir é aturnae atá cáilithe chun comhairle agus seirbhísí dlí a thairiscint.

Murab ionann agus abhcóidí, tá cead ag aturnaetha teacht le chéile chun comhpháirtíochtaí a dhéanamh agus tá cead acu a gcuid seirbhísí a fhógairt.

Is féidir le haturnaetha a bhfuil taithí acu agus/nó aturnaetha speisialaithe iarratas a dhéanamh chun bheith ina gcomhairleoirí sinsearach agus na litreacha SC a úsáid i ndiaidh a n-ainm. Fanann aturnaetha a cheaptar ina n-abhcóidí sinsearacha ina n-aturnaetha.

Cén saghas oibre a dhéanann aturnae?

Bíonn raon leathan feidhmeanna éagsúla ag aturnaetha.

Comhairle dlí

Féadfaidh aturnae comhairle dlí a thabhairt duit faoi na nithe seo a leanas:

  • Cúrsaí réadmhaoine, amhail teach nó árasán a cheannach, ar a dtugtar 'tíolacadh'
  • Cúrsaí méala, amhail uacht a dhréachtú, cumhachtaí aturnae nó déileáil le heastát duine a fuair bás
  • Díospóidí nó easaontais le páirtí eile, mar shampla, le do theaghlach, le d’fhostóir nó le comharsa
  • Cás a thógáil nó a chosaint, mar shampla má bhí tú bainteach le timpiste nó imbhualadh tráchta
  • Ábhar dlí ar bith eile a chuirtear os a gcomhair

Féadfaidh d’aturnae ionadaíocht a dhéanamh ort in aon cheann de na hábhair seo agus déileáil leis an bpáirtí eile sa chás ar do shon.

Aturnaetha sa chúirt

Má tá baint agat le cás cúirte, déanfaidh d’aturnae an cás a bhainistiú agus ionadaíocht a dhéanamh ort i mbun déileála leis an bpáirtí eile.

Déanfaidh d’aturnae:

  • Litreacha a sheoladh chuig an bpáirtí eile ar do shon
  • Na doiciméid chúirte go léir is gá a chomhdú
  • Teagmháil a dhéanamh le finnéithe a nglaoitear orthu chun fianaise a thabhairt sa chás

Más gá abhcóide a thabhairt isteach sa chás, cuirfidh d’aturnae an t-abhcóide ar an eolas trí na doiciméid agus an fhaisnéis riachtanach ar fad a sheoladh chucu.

Féadfaidh d’aturnae ionadaíocht a dhéanamh ort sa chúirt freisin, cé gur san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach, is iondúil go bhfostófar abhcóide. Ní chaithfidh aturnaetha aon éadaí speisialta a chaitheamh agus iad sa chúirt.

Má tá abhcóide bainteach leis an gcás, is gnách go suífidh an t-aturnae os comhair an abhcóide ar an mbinse faoin mbreitheamh. Más gá don abhcóide ceist a shoiléiriú, féadfaidh sé nó sí labhairt go héasca leis an aturnae ansin.

Is féidir tuilleadh a léamh faoi fheidhmeanna agus dualgais daoine éagsúla sa chúirt dlí.

Cé mhéad a chosnaíonn aturnae?

Athraíonn táillí aturnaetha ag brath ar nádúr na hoibre dlí a dhéantar.

Tá tú i dteideal eolas soiléir a fháil i scríbhinn faoi chostais na seirbhísí dlí a fhaigheann tú. Tagann sé seo in dhá chuid de ghnáth.

1. Fógra faoi Chostais

Ceanglaítear ar d’aturnae costais dhóchúla na seirbhísí dlí a sholáthrófar a leagan amach sula n-aontaíonn tú leanúint ar aghaidh. Tugtar Fógra faoi Chostais air sin.

Mura bhfuil d’aturnae in ann na costais chruinne a thabhairt duit, fós ní mór dóibh Fógra faoi Chostais a thabhairt duit ina mínítear conas a ríomhfar na costais. Ní mór dóibh sonraí cothrom le dáta maidir leis na costais iarbhír a thabhairt i scríbhinn chomh luath agus a thagann siad ar an eolas faoi seo.

2. Bille Costas

Nuair a bheidh na seirbhísí dlí curtha ar fáil agus go bhfuil sé in am iad a íoc, ní mór don aturnae miondealú a thabhairt ar na táillí go léir. Tugtar Bille Costas air seo.

Ba cheart go mbeadh achoimre ann ar na seirbhísí dlí a fuarthas, sonraí ar na táillí a tabhaíodh, sonraí ar conas is féidir agóid a dhéanamh i leith gné ar bith den bhille, agus eolas eile a bhaineann leis an gcás agus ríomh na gcostas.

Go hiondúil, bíonn 30 lá agat an bille a íoc, nó, mura bhfuil tú sásta le gné ar bith den bhille, bíonn 21 lá agat le scríobh chuig d’aturnae agus breac-chuntas a thabhairt ar na hábhair imní atá agat, Ní mór dóibh iarracht a dhéanamh ansin iad a réiteach go neamhfhoirmiúil leat.

Comhaontú táille teagmhasaí

Glacann go leor aturnaetha le cásanna ar an mbonn nach mbeidh táillí le híoc mura mbuaitear an cás. Ciallaíonn sé seo nach ngearrfaidh d’aturnae táille ort mura mbuann tú an cás. Tá sé seo níos coitianta i gcásanna díobhálacha pearsanta (nuair a ghortaítear an cliant i dtimpiste).

Is féidir tuilleadh a léamh faoi tháillí dlí ar shuíomhanna gréasáin an Dlí-Chumainn agus an Údaráis Rialála Seirbhísí Dlí.

Conas cáiliú mar aturnae

Chun a bheith i d’aturnae, ní mór printíseacht 2 bhliain ar a laghad a dhéanamh agus caithfidh tú pas a fháil sna scrúduithe arna leagan amach ag an Dlí-Chumann ag Plás Blackhall i mBaile Átha Cliath. Is féidir léamh faoi conas cáiliú mar aturnae ar shuíomh gréasáin an Dlí-Chumainn.

Más aturnae cáilithe ó lasmuigh d’Éirinn tú, is féidir do cháilíochtaí a thiontú chun cleachtadh mar aturnae in Éirinn.

Conas aturnae a fháil

Coinníonn an Dlí-Chumann liosta aturnaetha a bhfuil teastas cleachtaidh acu in Éirinn. Is féidir suíomh gréasáin an Dlí-Chumainn a chuardach chun aturnae nó gnólacht aturnaetha a aimsiú.

Chomh maith leis sin, coinníonn an Dlí-Chumann liosta aturnaetha atá toilteanach caingean dlí a ghlacadh i gcoinne aturnae eile.

Conas gearán a dhéanamh faoi aturnae?

Leagann an Dlí-Chumann rialacha agus rialacháin síos faoin gcaoi ar féidir le haturnaetha a ngnó a dhéanamh. Roimh an 7 Deireadh Fómhair 2019, rinneadh gearáin faoi aturnaetha leis an Dlí-Chumann.

Ón 7 Deireadh Fómhair 2019, má tá gearán ag duine faoi sheirbhísí neamhleor, costais iomarcacha nó mí-iompar líomhnaithe i gcoinne aturnae, is féidir gearán a dhéanamh leis an Údarás Rialála Seirbhísí Dlí.

Ba cheart gearáin faoi aturnaetha arna gcur ar fáil ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil a dhéanamh de réir nós imeachta gearán an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Lúnasa 2023